Tá orm rud a phriondáil ar son Mum. Bhí mé, díreach anois, ag éisteacht le Madonna - Like A Prayer; Waterboys - And A Bang On The Ear; Kaiser Chiefs - I Predict A Riot; Bohemian Rhapsody le Queen; À Quatre Pas D'ici le Céline Dion; agus, faoi dheireadh, Hail Glorious Saint Patrick le Daniel O'Donnell. Tá an leagan den amhrán sin ag The Irish Philharmonic Orchestra níos fearr i mo thuairimse agus is oth liom é seo a rá ach d'éirigh fadhb lenár saoire sa Spáinn. Fuair mé amach (ní maith liom an Béarlachas i ndáiríre -- chun an fhírinne a rá is fuath liom go hiomlán é) go mbeimid ag dul ar son míosa. Bheadh Nollaig á caitheamh againn sa Spáinn (Frigiliana). Tá mé ag iarraidh anois slí a fháil amach as (an mhí). Dúirt mé go mbeinn toilteanach dul ar son deich lá agus tá m'athair ag féachaint, faoi láthair, cad is féidir leis a dhéanamh. <--Droch-Ghaeilge, ag féachaint... cad is féidir leis a dhéana