Bord ar bord leis an aimsir, 23 Samhain 2023

D'éirigh mé luath go leor. D'éist mé le roinnt Bryan Adams (féach an Béarla thíos). Tá mé ag éisteacht le taifid ar mo ghuthán faoi láthair. Taifid de mo chlann sa charr agus muid ag gluaiseacht. Tá sé 08.05 anois. Beidh Dad agus Mum ag dul chomh fada le Port Láirge ar ball. Fanfaidh mé anseo sa teach i gCill na bhFraochán Mheánach agus beidh cúpla toitín agam agus éisteoidh mé le tuilleadh ceoil. Tá mé an-áthas ar na laethanta seo chun droch-Ghaeilge a úsáid. Tá cúrsaí ag gluaiseacht ar aghaidh go sona dom féin mar dhiúlach. Níl an aimsir ró-mhaith ar na laethanta seo. Ba chóir dó a bheith níos fearr ach táimid sa Samhain tar éis an tsaoil -- tá Lá Nollag ag druidim isteach linn ar nós na gaoithe, buíochas le Dia. Is breá liomsa, ar aon chuma, an popcheol. Tá sé ar an caitheamh aimsire is fearr liom -- bím ag éisteacht le ceol de shaghas éigint lá isteach lá amach. Chodail mé go sámh aréir. Bhí mé i mo shuí (d'éirigh mé ar feadh tamaillín) i rith na hoíche ceart go leor ach chuaigh mé ar ais go dtí an leaba i ndeireadh na dála. Níl mórán ag tarlú an aimsir seo, tá baile Dhún Garbhán gnóthach, bím istigh ann ag meascadh le daoine formhór de la laethanta -- níl mé ag dul go dtí an baile inniu toisc go bhfuil ar mo thuismitheoirí triall ar an gcathair

Comments

Popular posts from this blog

Perfect TEN